Garda Vetting

Is feidhm de chuid Oifigeach na bPáistí sa chlub glacadh le foirmeacha iarratais don scéim réamhscrúdaithe an Gharda Síochána i gcomhoibriú leis an gCumann Lúthchleas Gael go náisiúnta.

An Próiséas (tá sé ana-shimplí ar fad):

  1. Líon amach an foirm go hiomlán (ar fáil ag bun an leathnaigh seo), lorg comhairle ó Oifigeach na bPáistí nó rúnaí an chlub má bhíonn ceist agat faoi aon ní de.
  2. Cuir an foirm líonta i gclúdach litreach, dún é go hiomlán agus scríobh do ainm agus uimhir gutháin ar an dtaobh amuigh.
  3. Tabhair an clúdach dúnta do Oifigeach na bPáistí don Ghaeltacht CLG (ní bheidh éinne sa chlub ag féachaint ar do chuid sonraí pearsanta).
  4. Cuirfidh Oifigeach na bPáistí an foirm ar aghaidh go dtí Oifigeach na bPáistí don contae agus cinnteoidh sé/sí siúd go bhfuil gach sonra líonta roimh é a sheoladh ar aghaidh go dtí Páirc an Chrócaigh.
  5. Fan ar an bhfreagra sa phost ó Pháirc an Chrócaigh – tógann sé seo ó 8 seachtainí go dtí 16 seachtainí ag braith ar cé chomh gnóthach agus a bhíonn ionad réamhscrúdaithe an Gharda Síochána.
  6. Seol cóip (scan) den litir sin ar ríomhphost go dtí oifigeach na bpáistí don Ghaeltacht CLG:        oifigeachnabpaisti@gmail.com

Foirmeacha le Íoslódáil

FOIRM IARRATAIS RÉAMHSCRÚDAITHE AN GHARDA SÍOCHÁNA – Gaeilge

Garda_Vetting_Application_Form_English

Outline_of_Garda_vetting_in_the_GAA

Garda_Vetting_Procedures_for_completing_forms