Nótaí na Gaeltachta

15ú Meithimh 2014

Iomáint fé 18

Beidh cluiche againn ar an nDomhnach seo chugainn 22/6/2014 as baile go dtí Naomh Oilibhéir. Seo cluiche de chuid an chomórtais san Iarthar. Moltar do imreoirí r1996 & 1997 úsáid a bhaint as an traenáil fásta le Pádraig Ó hArtaigh nuair atá sé ar fáil, mar go mbeidh gach deis úsáideach chun cleachtadh a dheanamh ar na scileanna iomána.

Iomáint fé 16

Beidh an cluiche dúshlána traidisiúnta againn in aghaidh Choláiste na Rinne ar an gCéadaoin 18/6/2014 i bPáirc Uí Shíotcháin ag 4pm. Beidh Dónal Breathnach i bhfeighil ar foireann an Choláiste agus tuigtear dúinn go bhfuil imreoirí maithe acu, mar sin bí ann gach éinne. Is é Paddy Ó Catháin a bheidh i mbun na fóirne dúinne i mbliana, le tacaíocht ó Bilest & Stíofán.

Iomáint fé 14 – Ródaithe na Brice v An Ghaeltacht

Bhíomar ag Bushy Park don ceann seo ar an Luan 9/6/2014 agus bhí an tráthnóna claonta a bheith fliuch. Níor thosnaíomar go maith sa chluiche agus bhí cúl & cúilín ag an bhfoireann baile roimh gur thánamar isteach sa chluiche. D’éirigh le Oisín cúilín a fháil ansin, ach tháinig cúl obann eile ó na Bricigh. Fuair Oisín cúilín o phoc saor ansin, ach ba leis na Bricigh a bheadh an chuid eile den scóreáil don chéad leath, le 3 chúilín eile. Leath am: Ródaithe na Brice 2-4 An Ghaeltacht 0-2

Ba dheas dá mbeimís inniúil ar a rá gur thánamar níos mó isteach sa chluiche sa dara leath, ach níor amhlaidh a tharla agus chríochnaigh an cluiche 4-8 in aghaidh 1-5, leis na Bricigh ag gnóthú an méad céanna scóranna agus mar a fuaireadar sa chéad leath. Moladh mór do Sheán Ó Floinn a tháinig isteach sa dara leath agus a aimsigh cúl breá. Ard-mholadh don gcúl báire Caolán agus an fear óg sa chúinne Jack Ó Floinn chomh maith.

Foireann: Sa chúl – Caolán Mac Craith, Séaghan Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Mícheál Ó Floinn, Jack Ó Floinn, Cormac Ó Mathúna, Leath-chúlaí láir – Ciarán Ó Mathúna, Liam Úrmholtaigh, Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh & Séadhna Mac Giolla Chuda, Jack Ó Lonáin, Leath-thosach láir – Liam Ó Réagáin Gagea , Pádraig Breathnach , Nioclás Breathnach, Lán-tosach – Oisín Ó Ceallaigh, Cathal Ó hÓgáin. Fir Ionad: Pádraig Innseadúin, Evan Tóibín, Seán Ó Muirghíosa, Donnchadh Mac Síomóin, Maitiú Breathnach, Seán Ó Floinn. As baile – Conor Ó Raghallaigh.

Iomáint fé 14 – An Ghaeltacht v Cill Rosanta

Lean an mí-ádh orainn ansin leis an gcluiche seo sa mbaile. Chailleamar é 4-9 in aghaidh 4-5 nó mar sin. Tá obair le deanamh againn!

Iomáint fé 12

Beimid as baile go dtí Cill Rosanta ar an Déardaoin 19/6/2014 agus sa mbaile in aghaidh Eochaille ar an Aoine 27/6/2014. Cluiche as baile go dtí Baile Uí Dhuibh Thiar fós le socrú.

Peil fé 10

Tá 2 chluiche le bheith againn go luath nár éirigh linn a imirt níos túisce. Beimid as baile go dtí Dún Garbhán ar an Mháirt 17/6/2014 ag 6:30pm. Beidh cluiche eile againn in aghaidh An Uidhir an tseachtain seo chugainn le cúnamh Dé. Beimid ag braith ar chabhair ó thuismitheoirí éagsúla do na cluichí i rith an tsamhraidh, mar gur tréimhse gnóthach é seo le ana-chuid daoine ar saoire. Fáilte roimh gach imreoir r2004 & 2005.

Iomáint & Peil fé 9

Bhí sraith beag de chluichí againn ar feadh cupla seachtain agus cé go bhfuilimd gann imreoirí ar an aois, bhíomar ag deanamh gach iarracht na cluichí ar fad a imirt. Bhualamar le Aird Mhór, Naomh Pádraig & Naomh Oilibhéir i rith Aibreáin & Bealtaine. Buíochas mór le Dave Ó Riagáin, Marc Ó Ruairc & Liam Ó Lonáin as a gcabhair.

Iomáint & Peil fé 7/8

Tá na buachaillí r2006 & 2007 ag traenáil le chéile gach Aoine na laethanta seo agus bíonn idir 15 & 22 imreoir againn ann & suas le seachtar tuismitheoir ag cabhrú. Tá ana-obair ar siúl ag na tuismitheoirí leo agus bhí 20 imreoir againn ag blitz iomána fé 8 ag WIT Carraig an Óir ar an Satharn 7/6/2014, mar a chuireamar 2 fhoireann isteach. Bhí ard-am ag na buachaillí ar an lá, le 3 chluiche ag gach foireann.

Comórtas Peile Ghael Linn

Shrois na scoileanna Gaeltacht an cluiche leathcheannais, ach bhí Carraig Uí Laighin ró-láidir ar an lá. Bhí imreoirí ón Ghaeltacht sa chluiche leathcheannais eile chomh maith, le Scoil Gharbháin, ach arís bhí an bua ag Gleann Maighir orthu siúd. Bhí ard-am ag gach éinne mar sin féin agus buíochas mór do na múniteoirí agus an lucht eagraithe as comórtas iontach a rith arís i mbliana i gColáiste na Rinne.

 

Pictiúr: Iománaithe fé 7 & 8 na Gaeltachta a bhí páirteach ag blitz iomána fé 8 ag WIT

Blitz fe 8 Grupa Mor 7u Meithimh 2014

 

8ú Meithimh 2014

Iomáint fé 18

Bhí an chéad seisiún traenála againn i bPáirc Uí Shíothcháin ar an Aoine 6/6/2014 agus bhí seisear ann. Tá go leor imreoirí ag deanamh an teastas sóisearach agus bhí leiscéal ó roinnt imreoirí eile ar an oíche.  Beidh gá le iarracht ana-mhór ó gach éinne chuige seo, mar go bhfuil painéal teann againn. Moltar do imreoirí r1996 & 1997 úsáid a bhaint as an traenáil idirmheánach le Pádraig Ó hArtaigh nuair atá sé ar fáil, mar go mbeidh gach deis úsáideach chun cleachtadh a dheanamh ar na scileanna iomána.

Iomáint fé 16

De bharr imreoirí a bheith ag deanamh an teastas sóisearaigh faoi láthair agus 2 chluiche fé 14 an tseachtain seo, eagrófar traenáil do gach imreoir r1998 & 1999 nach bhfuil gnóthach ag staidéar. Is traenáil leis na imreoirí r1996 & 1997 a bheidh i gceist anseo agus ní chuirfear aon brú ar éinne cluichí mionúir a imirt de bharr iad a bheith ag freastal ar na seisiúin seo.  Mar sin bain úsáid astu, ní bheidh aon deis eile mórán roimh deireadh na scrúdaithe.  Beidh an chéad cluiche iomána fé 16 againn ar an Satharn 28ú Meithimh sa mbaile in aghaidh an tSráidbhaile agus beimid ag imirt ag 13 an taobh i mbliana, mar sin níor mhór do imreoirí r1998 & 1999 a chinntiú go bhfuil siad ag cleachtadh na scileanna iomána in aghaidh an fhalla go rialta, sa bhreis ar an traenáil sa pháirc.  Is é Paddy Ó Catháin a bheidh i mbun na fóirne i mbliana, le tacaíocht ó Stíofán & Bilest.

Iomáint fé 14 – An Ghaeltacht v Dún Garbhán

Bhíomar i bPáirc Cholmáin ar an Luan 26ú Bealtaine don chéad cluiche sna babhtaí i roinn 2 an chontae.  Bhí Dún Garbhán gann roinnt imreoirí láidre ar an oíche agus bhí an rian sin ar an gcluiche.  Chuir Jack Ó Lonáin tús leis an scóreáil le cúilín ón imirt, leanta le 2 chúilín ó Shéadhna Mac Giolla Chuda ón imirt, cúilín ó Nioclás Breathnach ón imirt, cúilín eile ó Jack ón imirt agus 2 chúilín ón imirt ag Oisín Ó Ceallaigh. Lean Séadhna agus Oisín orthu le cúilín an duine ón imirt, roimh gur éirigh le Dún Garbhán cúl a fháil.  Bhí cosantóirí agus lár na páirce na Gaeltachta ag obair go dian agus ba bheag den liathróid a bhí á fháil ag Dún Garbhán, le Eamonn Óg Ó Crotaigh, Liam Ó Réagáin Gagea & Ciarán Ó Mathúna thar a bheith láidir agus Pádraig Innseadúin ag cosaint go láidir óna ionad mar leath-thosach láir.  Bhí Jack Ó Floinn agus Séaghan Ó hÓgáin ar fheabhas ar fad sna cúinní ag cosaint, mar is gnáth dóibh a bheith agus an fear beag Cathal Ó hÓgáin ag cruthú deacaireachtaí don bhfreasúra sa chúinne ag uinhir 15.  Tháinig cúilín an duine ón imirt arís ó Oisín & Séadhna, roimh gur éirigh le Dún Garbhán a scór deireannach den cluiche a fháil – cúl eile roimh leath am – ní raibh seans ar bith ag Caolán é a shábháil, in aineoinn a chuid oibre iontach sa chúl don cluiche ar fad.  Scór leath ama – An Ghaeltacht 0-11  Dún Garbhán 2-0

Sa dara leath, tháinig cúl obann ón imirt ó Níoclás, & cúilíní ag Oisín & Jack Ó Lonáin le pas gleoite ó Dhonnchadh.  Ansin, tháinig 2 chúl as diaidh a chéile dúinn – ceann ag Oisín ag briseadh tríd an lár agus ceann ó Jack Ó Lonáin, le pas eile ó Dhonnchadh, a bhí ag úsáid an spás go maith a chruthaigh na hionadaithe eile Seán Ó Floinn agus Seán Ó Muirghíosa le obair ana-dhian.  Bhí na cosantóirí ar an gcliathán – Conor Ó Raghallaigh & Cormac Ó Mathúna – thar a bheith láidir agus ag tiomáint laithróide i ndiaidh liathróide isteach go dtí na tosaithe.  Fuair Oisín cúilín ó phoc saor, leanta ag cúl eile aige ón imirt.  Tháinig seans do laoch na himeartha a ainm a fháil ar chlár na scór – Liamaí, le cúl chun barr feabhais a chur ar taispeántas inár bhreith sé ar liathróidí arda am i ndiaidh a chéile.  Bhí seans ansin don lán-chúlaí Mícheál Ó Floinn (a bhí ar fheabhas) a rian féin a chur ar ár gcúntas, le cúilín ó phoc 65.  Chríochnaigh Séadhna an scóreáil don oíche le cúilín ón imirt agus chríochnaigh an cluiche 5-16 in aghaidh 2-0.  Mar sin, féin tuigeann an foireann bainistíochta go mbeadh Dún Garbhán i bhfad níos láidre dá mbeadh gach éinne acu agus beimid ag tnúth le cluiche eile ar ball leo le cúnamh Dé.  Bhí sé tráthúil go raibh imreoirí idirchontae ón Rinn ann ag faire ar an gcluiche seo agus sásta cabhrú mar maoir cúil agus taobhlíne agus is spreagadh iontach a bhí ann do na imreoirí óga.

Foireann:  Sa chúl – Caolán Mac Craith, Séaghan Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Mícheál Ó Floinn (0-1 ’65) , Jack Ó Floinn, Cormac  Ó Mathúna, Leath-chúlaí  láir – Ciarán Ó Mathúna, Conor  Ó Raghallaigh, Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh & Liam Ó Réagáin Gagea (1-0), Jack Ó Lonáin (1-3), Leath-thosach láir – Pádraig Innseadúin, Oisín Ó Ceallaigh (2-6 1f), Nioclás  Breathnach (1-1), Lán-tosach – Séadhna Mac Giolla Chuda (0-5), Cathal Ó hÓgáin. Fir Ionad: Seán Ó Muirghíosa, Donnchadh Mac Síomóin, Seán Ó Floinn. As baile:  Liam Úrmholtaigh

Iomáint fé 14 – Cluiche leathcheannais an Iarthair

An Ghaeltacht v CLG Naomh Chárthaigh

Tar éis an bua maith in aghaidh Dhún Garbháin dhá oíche roimhré, bhí súil ag go leor daoine le taispeántas maith eile i bPáirc Uí Shíothcháin ar an gCéadaoin 28/5/2014 don cluiche seo i roinn 1 an iarthair.  Le bheith fírinneach, bhíomar i gceantar an mhíbhuntáiste ó thús anseo, mar ná raibh ach triúr déag i láthair againn go dtí cupla nóiméad roimh thús an chluiche baile seo agus roinnt imreoirí tar éis teacht gan an treallamh imeartha riachtanach.  Thug buachaillí na Leasa Móire fúinn le fonn ó thús anseo agus níor éirigh linn an cluiche a cheansú in aon chor.  Bhuadh orainn go maith agus ní raibh iompar na n-imreoirí thar moladh beirte i ndiaidh an chluiche.  Ba chúis díomá é seo agus caithfimid a bheith thar a bheith cúramach ná caillfimid deá-mhéin ár lucht leanúna, nó na tacaitheoirí fóirne a thugann a gcuid ama go fial.  Ní leiscéal é aon easpa sampla ó dhaoine fásta a bhí ar cuairt chugainn ach an oiread, caithfimid a bheith ceart ionainn féin.  Mar sin, beifear ag súil le iarracht agus deá-iompar maith ó gach imreoir ag na cluichí agus seisiúin traenála eile don chuid eile den bhliain, maraon le teangbháil roimhré ó thuismitheoirí maidir le éinne a bheidh in easnamh ó chluiche nó traenáil, nó ní bheimid san iomaíocht do aon rud ag deireadh na bliana.  Buíochas mór le Tadhg Ó hUallacháin & Liam Ó Lonáin as a dtacaíocht & comhairle ar an oíche agus ag an gcluiche ceannais peile fé 13.

Iomáint fé 12

Thug Ceapach Choinn/Áth Mheáin cuairt orainn ar an Domhnach 4/5/2014 i bPáirc Cholmáin agus bhí a fhios againn go mbeadh na cuairteoirí roinnt lag don cluiche.  Mar sin, thug Tomás & Vincent seans do go leor imreoirí fé 10 triall a bhaint as an leibhéal níos aoirde ar an lá, chun iad a chur i gcóir don iomáint fé 13 an bhliain seo chugainn.  Fiú agus na imreoirí óga ar an bpáirc, bhíomar ró-láidir agus chríochnaigh an cluiche 1-12 in aghaidh 0-2, ach bhí ár bhfreasúra spóirtiúil agus ba dheas iad a imirt.  Tá 3 chluiche fós le n-imirt againn – as baile go dtí Cill Rosanta ar an Déardaoin 19/6/2014, sa mbaile in aghaidh Eochaille ar an Aoine 27/6/2014 agus cluiche as baile go dtí Baile Uí Dhuibh Thiar fós le socrú.

Iomáint fé 11

Tháinig ár bhfeachtas i roinn 2 fé 11 chun deiridh le dhá chluiche i bPáirc Cholmáin, in aghaidh Naomh Pádraig agus Dún na Mainistreach.  Bhí an bua againn ar Naomh Pádraig ar an Satharn 10/5/2014 le 6-1 in aghaidh 4-1, i ndiaidh cluiche maith.  Tháinig an dara foireann atá ag Dún na Mainistreach chugainn ar an gCéadaoin 4/6/2014 agus bhí cluiche maith againn a chríochnaigh 3-4 in aghaidh 4-3 i bhfábhar na gcuairteoirí.  Bhí sé sin in aineoinn go raibh imreoir maith ar saoire uainn agus bhí 14 imreoir againn ann ar an oíche.  I bhfírinne, bhíomar ana-iomaíoch sa roinn seo, cé ná fuil uimhreacha maith againn ar an aois.  Níor chailleamar aon cluiche le níos mó ná cúl agus is i bhfeabhas a bheidh na buachaillí seo ag dul amach anseo. Buíochas le Seán Uada, Billy Ó Síothcháin, Dave Ó Riagáin, Vincent Ó Floinn, Paddy Ó Ceallaigh & Séimí Mac Craith as a gcabhair, maraon le gach tuismitheoir eile.  Tá an pheil fé 11 fós le teacht i mbliana agus beimid ag súil leis.

Fóirne Idirchontae

Ba mhaith linn tréaslú le Jack Ó Floinn a d’imir peil ag leath am i n-Inis agus le Nioclás Breathnach, Brianna Nic Craith agus Caitríona Ní Chadhla a bhí i mbun iomána agus camógaíochta lena gcuid scoileanna ag leath am i nDúrlas.

Chomhgháirdeachas chomh maith le Dónal Breathnach a imir a chéad cluiche iomána sinsear le Port Láirge sa chéad cluiche in aghaidh Chorcaí a chríochnaigh ar chomhscór i nDúrlas Éile le deanaí.  An é an chéad duine ó Ghaeltacht na nDéise chun iomáint na sinsir a imirt le Port Láirge?  Freagraí ar chártaí poist!!

Comhgháirdeachas leis le Liam Ó Lonáin, Tadhg Ó hUallacháin, Lorcán Ó Corraoin, Ray Ó Ceallaigh agus Cian Ó Concubhair as a gcuid iarrachtaí leis na peileadóirí in Inis. Fuair Liam cúl agus Tadhg cúilín fíor-thabhachtach agus beimid ag súil go mór leis an athimirt i nDún Garbhán.
11ú Bealtaine 2014

Peil fé 16 – Cluiche Ceathrú Ceannais an Chontae

Ba é an chéad tráthnóna fíor-shamhrúil i mbliana i bPáirc Uí Shíothcháin an Luan 28ú Aibreáin agus fonn maith ar gach éinne don cluiche in aghaidh Naomh Slánaitheoir. Thosnaíomar go maith le fána na páirce le cúilíní ó Aodhán ón imirt, Oisín ó chic saor agus Conor Ó Cuirrín ón imirt. Fuair na cuairteoirí cúilín ansin, ach bhí freagra ag Aodhán orthu, le cúilín eile. Ghnóthaigh Naomh Slánaitheoir 2 chúilín ansin, ach fuair Conor Ó Cuirrín cúilín eile ón imirt, roimh go bhfuair Oisín cúl – an dara imreoir is óige ar an bfhoireann. D’fhág sé sin go rabhamar ag féachaint go maith ag leath am: An Ghaeltacht 1-5 Naomh Slánaitheoir 0-3.

Ba iad buachaillí na cathrach a d’oscail an cúntas sa dara leath, le cúilín, ach bhí an fear sin ón Sean Phobal, Tiarnán, gnóthach ag cruthu fadhbanna do chosantóirí Naomh Slánaitheoir agus bhris sé tríd ón gcúinne thar triúir, chun an liathróid a chur sa líontán. Fuair Séadhna cúilín ansin agus bhíomar ar mhuin na muice – 8 gcúilín chun cinn. D’éirigh leis an bhfreasúra cúl a fháil, ach bhí freagra ag Aodhán dóibh, le cúl eile. Is ansin a bhí casadh na taoide, áfach. Fuair na cuairteoirí cúl, 2 chúilín, cúl eile agus 3 chúilín eile gan freagra, seachas cic píonóis a bhuamar. Shábháil an cúl báire an cic ó Aodhán agus is beag a bhí ag dul ceart dúinn ag an am. Chuaigh Jack Ó Lonáin isteach ar an bpáirc, leanta ag Conor Ó Raghallaigh. Bhíomar i bponc, 3 chúilín chun deiridh agus an fheadóg dheiridh ag druidiúint chugainn, ach níor chaill an fear ionad Conor a dheis agus é díreach nóiméad ar an bpáirc – cúl – chun an cluiche a shábháil. Bhí cur agus cúiteamh san imirt ar feadh tamaill, ach níor tháinig a thuilleadh scóranna agus bheadh am breise le imirt. An Ghaeltacht 4-6 Naomh Slánaitheoir 3-9.

Bhíomar ag imirt leis an bhfána don chéad leath den am breise, ach is ag Naomh Slánaitheoir a bhí an imirt is mó. Fuaireadar 2 chúilín as diaidh a chéile, ansin fuair Conor Ó Cuirrín cúilín, ach tháinig an buille trom i dtreo an deireadh, nuair a fuair Naomh Slánaitheoir cúl, an scór deireannach a gheobhaidís ar an oíche. Chailleamar Liamaí le cárta dubh go héagóireach sa chéad leath de am breise chomh maith. Bhíomar ag snámh in aghaidh an easa don dara leath de am breise, ach mar sin féin, d’éirigh le Séadhna, Aodhán agus Conor Ó Cuirrín cúilin an duine a fháil i ndiaidh a chéile. Mar sin, ní raibh ach cúilín amháin de dhifríocht nuair a bhris Conor Ó Cuirrín tríd an láir agus é ag ciceáil na liathróide, dheineadh cor coise air agus é a tharraing siar lena gheansaí ag an am céanna. Bhí mí-ádh ar Conor ná raibh áirde tugtha ag an réiteoir ar an bhfeall, mar ní bhfuair sé cic saor agus bhí ár rás rite don oíche. Scór deiridh tar éis am breise: An Ghaeltacht 4-10 Naomh Slánaitheoir 4-11.

Tá ard-mholadh ar leith tuillte ag an bhfear a bhí ag deanamh an jab ná bíonn ó éinne – an cúl. Bhí Ciarán Ó Maoileoin ar fheabhas ar fad istigh ann, shábháil sé ana-chuid ar an líne agus bhí air briseadh amach le húdarás roinnt mhaith babhtaí chun an liathróid a ghabháil agus a ghlanadh. Bhí laochra againn ar fud na páirce ar an oíche i bhfírinne agus sna fir ionad. Buíochas mór leis an mbainisteoir Séimí Mac Craith agus mheabhraigh sé do na imreoirí go raibh sé lán sásta leis an obair ar fad a bhí déanta acu ó thús na bliana. Buíochas chomh maith le Stíofán Ó Cuirrín agus Seán Uada, a chabhraigh ag na cluichí.

Foireann: Sa chúl – Ciarán Ó Maoileoin, Mícheál  Ó Cadhla, Lán-chúlaí – Brian de Barún (c), Liam  Ó Réagáin Gagea, Ciarán  Ó Mathúna, Leath-chúlaí Láir – Conall  Ó Briain, Eamonn  Óg Ó Crotaigh, Lár na Páirce – Liam Ó Raghallaigh &  Conor Ó Cuirrín (0-4), Oisin  Ó Ceallaigh (1-1 – 1f), Leath-thosach Láir – Aodhán Mac Gearailt (1-3), Séadhna  Mac Giolla Chuda (0-2), Tiarnán  Ó Foghlú (1-0),  Lán-Tosach – Tim Muntjewerff, Jack  Ó Domhnaill. Fir Ionad – Jack  Ó Lonáin, Conor  Ó Raghallaigh (1-0). Gortaithe: Cárthach  Ó Faoláin,  Stiofán Ó Dí, Seán  Ó Laoire, Brandon  Tóibín.

Peil fé 14 – An Ghaeltacht v Naomh Oilibhéir

Bhíomar i bPáirc Uí Shíothcháin ar an gCéadaoin 30ú Aibreáin don cluiche deireannach sna babhtaí agus ár dtríú cluiche go dtí seo, in aghaidh Naomh Oilibhéir i mbliana. Cé go rabhamar in aghaidh an fhána agus na gaoithe sa chéad leath, ní rabhamar ach cúilín amháin chun deiridh ag leath am. Bheadh sé níos fosa tomhas a dheanamh ar an tríú rún ag Fatima, ná a thuiscint cad a tharla dúinn sa dara leath agus muid ag imirt leis an ngaoth agus an fhána! Chríochnaigh an cluiche – An Ghaeltacht 2-5 Naomh Oilibhéir 8-12.  Ba mhaith an rud dúinn ná raibh tionchar ag an toradh sin ar chlár na sraithe ó thaobh an chluiche leathcheannais de, seachas an buntáiste baile a shocrú.  Ní raibh sonraí na fóirne ar fáil ag am a scríobh seo.

Peil fé 14 – Cluiche leathcheannais an Iarthair

Naomh Oilibhéir v An Ghaeltacht

Ní raibh ach 6 lá idir idir an cluiche deireannach sna babhtaí i Roinn 1 agus an cluiche seo in aghaidh an fhreasúra céanna, ach á imirt san Eaglais ar an ócáid seo. Thosnaíomar go maith láidir agus fuair Mícheál Ó Floinn cúilín ón imirt. Lean Naomh Oilibhéir ansin le 2 chúilín, roimh go bhfuair Séadhna Mac Giolla Chuda cúl, le 15 nóiméad caite. Áfach, is ag Naomh Oilibhéir a bheadh an scóreáil ar fad don 10 nóiméad deireannach den chéad leath, le cúilín ar dtús agus cúl ón imirt, le leath am ag druidiúint chugainn.

Chuireamar tús leis an dara leath le cúilín ó Shéadhna agus d’fhág sé sin go raibh an farsbarr is lú eadrainn. Fuair an foireann baile cúl ansin agus bhí géarghá le freagra chun fuireach sa chluiche. Tháinig an freagra i bhfoirm cúl eile ó Séadhna, ach bhí freagra níos fearr ag Naomh Oilibhéir ar sin, le cúl eile agus cúilín lena chois. Bhíomar i bponc cinnte, gan ach cúpla nóiméad le dul agus 3-4 in aghaidh 2-2 i bhfábhar na buachaillí i ndearg agus bán. Ba ansin a bhog buachaillí na Gaeltachta leo chun an cluiche a shábháil, le cúilín ó Oisín Ó Ceallaigh agus an tríú cúl ó Shéadhna. Bhíomar fós cúilín chun deiridh agus bhí an seilbh ar fad againn, ach á fháil deacair spás a fháil chun an cúilín a thógaint. Bhí éacht ag teastáil chun an cluiche a ghoid uathu agus ba ropaireacht den scoth é sna soicindí deireannacha, nuair a chuir Oisín isteach liathróid a chuaigh díreach faoin trasnán, chun an cluiche a bhuachaint le 2 chúilín.  Ní dheanfadh Dick Turpin chomh maith é!  Bhí áthas ar gach éinne go raibh na buachaillí seo tar éis a gcéad cluiche ceannais peile ‘A’ sa chraobhchomórtas a shroisint, tar éis ana-chuid oibre.  Scór deiridh Naomh Oilibhéir 3-4 An Ghaeltacht 4-3.

Foireann:  Sa chúl – Evan  Tóibín, Shane  Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Liam Ó Réagáin Gagea, Conor  Ó Raghallaigh, Liam Úrmholtaigh, Leath-chúlaí  láir – Ciarán Ó Mathúna, Pádraig Breathnach, Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh & Cormac  Ó Mathúna, Jack Ó Lonáin, Leath-thosach láir – Mícheál Ó Floinn (0-1), Oisín Ó Ceallaigh (1-1), Pádraig Innseadúin, Lán-tosach – Séadhna Mac Giolla Chuda (3-1), Maitiú Breathnach. Fir Ionad: Nioclás  Breathnach, Jonathon  Uada, Seán Ó Muirghíosa, Donnchadh Mac Síomóin, Cathal Ó hÓgáin. Gortaithe:  Seán Ó Floinn

Peil fé 14 – Cluiche Ceannais an Iarthair

Baile na Cúirte v An Ghaeltacht

Ba i bPáirc Uí Fhearchair a bhí an cluiche ceannais socraithe don Domhnach 11ú Bealtaine ag 11am agus cé go raibh roinnt againn neirbhíseach go mbeadh dúshlán mór eile amach romhainn in aghaidh Bhaile na Cúirte, bhí na imreoirí geal-gáireach agus réid le tabhairt chuige. Bhí an bua ag Baile na Cúirte orainn i gcluiche ceannais na Féile cupla seachtain siar, 9-11 in aghaidh 0-1 agus le go leor imreoirí fé 13 agus fiú fé 12 ar an bpáirc againn, bheadh obair ana-dhian le deanamh ón tús.  Tharla gur ag imirt le comhar na gaoithe a bheimís sa chéad leath agus níorbh aon droch rud é, mar go mbeadh orainn a chinntiú ná beimís imithe go tóin poill faoin am a bheadh leath am sroiste.  Bhí imreoirí na Gaeltachta ag tabhairt faoi gach liathróid le fonn agus fuinneamh agus thóg sé tamall ar an bhfreasúra a thuiscint ná beadh aon dealramh ag an gcluiche seo le cluiche ceannais na féile.

Thóg sé 7 nóiméad ar an gcéad cúilín teacht do Bhaile na Cúirte, de bharr go raibh gach uile imreoir ón Ghaeltacht ag tabhairt faoin liathróid ar nós go raibh a gcuid saoil ag braith air.  Nóiméad ina dhiaidh sin, d’éirigh leo cúilín eile a fháil, ach bhí freagra ag Séadhna ar sin le cúilín ó chic saor tar éis 12 nóiméad. Bhí uimhir 11 Pádraig Innseadúin ag cruthú deacaireachtaí don leath-chúlaí láir i gcaitheamh an ama seo ar fad agus Ciarán Ó Mathúna mar mhaighistir dúinn ag uimhir 6.  Bhris Baile na Cúirte tríd do chúl a bhí fóirstineach dóibh le 17 nóiméad caite, ach is beag den seilbh a bhí acu ina dhiaidh sin.  Bhí ionsaí i ndiaidh ionsaí á dheanamh ag an nGaeltacht don 8 nóiméad a bhí fágtha sa chéad leath agus fuair Oisín cúilín ó chic saor agus tháinig ceann ón imirt don captaen Jack Ó Lonáin le 22 nóiméad caite.  Bhí mí-ádh ar an nGaeltacht gan scór nó dhó eile a fháil roim leath ama, ach bhí an argóint deanta agus é soléir do gach éinne a bhí i láthair go raibh 2 fhoireann sa chluiche ceannais seo.  Scór leath ama – Baile na Cúirte 1-2  An Ghaeltacht 0-3

Bhí an ghaoth ag buachaillí Dhún na Mainistreach sa dara leath agus iad ag imirt isteach i gcúl an bhaile. D’éirigh leo 4 chúilín a fháil gan scór ón nGaeltacht sa chéad 12 nóiméad, ach bhí gach uile ceann acu faighte tar éis dian-choimhlint.  Bhí an lán-chúlaí Liam Ó Réagáin thar a bheith foirfe sa tréimshe seo agus sheas sé sa bhearna baoil babhta i ndiaidh babhta chun stop a chur le fathaigh an fhreasúra le gualainní láidre agus iad ar a slí chun iarracht a dheanamh ar cúil a fháil.  Go dtí seo, bhí an cluiche fós ann dúinn le sábháil iontach ag ár gcúl báire Evan Tóibín san 8ú nóiméad, ach tháinig an mí-ádh chugainn ar deireadh, le liathróid ard a thaisteal leis an ngaoth isteach faoin dtrasnán agus ní raibh seans Evan, fiú dá mbeadh sé 3 n-órlach níos aoirde.  Fuair Baile na Cúirte cúilín eile le 14 nóiméad caite agus bhí an cluiche ag sleamhnú uainn ar chlár na scór.

É sin ráite, is beag den seilbh a bhí ag an bhfreasúra don 10 nóiméad deireannach agus thóg Séadhna a sheans le 18 nóiméad caite chun cúl a fháil ó chic saor.  Bhí mí-ádh ar an bhfear céanna go gairid ina dhiaidh sin, nuair a fuair sé builleadh de ghualainn isteach sa srón agus is cosúil go bhfuil sé briste.  Ní raibh roghnóirí na Gaeltachta pioc sásta nár tháinig stop san imirt in aon chor, san fhaid agus a bhí Séadhna leagtha amach ar an dtalamh ar feadh 4 nóiméad nó mar sin. Tháinig fir ionad chun na páirce – Jonathon Uada, Cathal Ó hÓgáin agus Jack Ó Floinn agus faoi dheireadh an chluiche, bhí gach éinne traochta, ach sásta tar éis taispeántas iontach peile a thabhairt.  Scór deiridh: Baile na Cúirte 2-7  An Ghaeltacht 1-3.

Buíochas mór leis an mbainisteoir Eamonn Ó Crotaigh as a chuid oibre leis an bhfoireann seo, le cabhair ó Fionn Mac Giolla Chuda agus Anthony Qualter.

Foireann:  Sa chúl – Evan  Tóibín, Shane  Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Liam Ó Réagáin Gagea, Conor  Ó Raghallaigh, Liam Úrmholtaigh, Leath-chúlaí  láir – Ciarán Ó Mathúna, Pádraig Breathnach, Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh & Mícheál Ó Floinn, (c) Jack Ó Lonáin (0-1), Leath-thosach láir – Pádraig Innseadúin , Oisín Ó Ceallaigh (0-1), Nioclás  Breathnach, Lán-tosach – Séadhna Mac Giolla Chuda (1-1), Maitiú Breathnach. Fir Ionad: Jonathon  Uada, Seán Ó Muirghíosa, Donnchadh Mac Síomóin, Jack Ó Floinn, Cathal Ó hÓgáin. Gortaithe:  Seán Ó Floinn

Peil fé 13 – Cluiche Leathcheannais an Iarthair

Dún Garbhán 2-2 v An Ghaeltacht 1-6

Tuairisc an tseachtain seo chugainn i ndiaidh an chluiche ceannais ar an 18ú Bealtaine.

 

27ú Aibreáin 2014

Peil fé 18 – Cluiche Ceathrú Ceannais an Chontae

D’imríomar in aghaidh Chnoc Síon sa chluiche seo Dé Máirt caite, an 22ú Aibreáin i Léim Uí Bhriain ag 7pm. Bhí cuma láidir ar fir na cathrach & bhí a fhios againn go mbeadh dúshlán mór romhainn amach. Thosnaigh Cnoc Síon go láidir le 2 chúl & cúilín, roimh  gur aimsigh ár lán tosaí Dylan Tóibín cúilín. Tháinig 2 chúilín eile ón bhfreasúra, cúl ó Dylan arís agus cúilín eile ó Chnoc Síon. Tháinig 2 chúlín chugainne as diaidh a chéile ansin ó Dhiarmuid Ó Cuirrín & Páraic Ó Lonáin & ansin 3 chúl as diaidh a chéile,  2 cheann ó Chnoc Síon ar dtús & ceann ó Pháraic, le cúilín eile ó Dhiarmuid díreach ina dhiaidh san. Áfach, is ag Cnoc Síon a bhí an 3 scór deiridh sa chéad leath – cúilín, cúl & cúilín eile. D’fhág sé sin go rabhamar ag snámh in aghaidh an easa ag leath am:  An Ghaeltacht 2-4 Cnoc Síon 5-6.

Bhí múscailt ionainn ag tús an dara leatha, le cúilín an duine ó Dhiarmuid & Conor Ó Cuirrín & cúl ó Dhiarmuid. Ní raibh ach 2 chúl idir na fóirne ansin & an chuma air go mbeimís inniúil ar teacht thar n-ais, ach bhí a gcuid tuairimí féin ag Cnoc síon faoi  sin & chuireadar cúilín, cúl & cúilín eile ar chlár na scór. Fuair Aodhán Mac Gearailt cúilín ansin, ach bhí freagra láidir ag an bhfreasúra ar sin, le cúl & cúilín eile. Tháinig an leath-chúlaí láir Darach Ó Cathasaigh an slí ar fad aníos chun cúl a fháil,  leanta ag Páraic & Dylan le cúilín an duine. Ní raibh fonn géilleadh d’aon tsórt ar Chnoc Síon áfach & chríochnaíodar le buille marfach i bhfoirm cúl & cúilín eile chun sinn a chur amach as craobhchomórtas peile mionúir an chontae do 2014. Scór deiridh: An  Ghaeltacht 4-9 Cnoc Síon 8-11.

Caithfear a thaifead gur imir buachaillí na Gaeltachta go maith sa chluiche seo, ach gan ach beirt ar an aois, bhíomar go mór faoi bhrú sa chluiche seo & bheadh seans maith ag Cnoc Síon dul fiú níos faide sa chomórtas seo. Bhí triúir fear ionad againn ann ar  an oíche a bhí go léir fós fé 16 & ní raibh seans éinne a fháil isteach, ach beidh cluiche fé 16 eile ar a laghad fós le teacht dóibh. Buíochas mór le Domhnall Ó Murchadha a dhein obair iontach leis an bhfoireann seo ó Mí Eanair i leith.

Foireann:  Sa chúl – PJ Ó Domhnaill, Pax Ó Faoláin,  Oisín  Mac Síomóin, Páidí Ó Foghlú, Leath-chúlaí láir – Darach  Ó Cathasaigh (1-0), Aaron Ó Crotaigh, Lár na Páirce – Conor Ó Cuirrín (0-1) & Brian  de Barún,  Páraic  Ó Lonáin (1-2), Leath-thosach Láir – Aodhán  Mac Gearailt (0-1),  Diarmuid  Ó Cuirrín (1-3), Dylan  Tóibín (1-2), Shane Ó Donnabháin. Fir Ionad – Tim Muntjewerff, Mícheál  Ó Cadhla, Jack Ó Domhnaill. Gortaithe – Seán Ó Laoire.

Peil fé 16 – Ráth Ó gCormac 1-12 v An Ghaeltacht 2-7

Ba é seo an cluiche deireannach sna babhtaí agus cé ná  fuaireamar an toradh ar an lá,  bhí an bainisteoir Séimí Mac Craith lán  sásta  leis an dtaispeántas  ó na imreoirí ar an oíche. Tháinig  Séadhna Mac Giolla Chuda den bpáirc  gortaithe tar éis 5 nóiméad agus chuaigh Conor Ó Raghallaigh isteach ina ionad. Imreoimid Naomh Slánaitheoir  sa chluiche ceathrú ceannais ar an Luan 28ú Aibreáin  ag 6:30pm sa Rinn. Táimid  buailte le roinnt gortaithe agus imreoir ar fionraí go dtí tar éis deireadh an chraobhchomórtais peile fé 16. Mar sin, beidh gá  le gach éinne as seo amach chun críoch maith a chur lenár  bhfeachtas agus an cluiche ceannais a shroisint, le cúnamh Dé.

Foireann: Sa chúl – Ciarán Ó Maoileoin, Mícheál  Ó Cadhla, Lán-chúlaí – Brian de Barún, Liam  Ó Réagáin Gagea, Ciarán  Ó Mathúna, Leath-chúlaí Láir – Conall  Ó Briain, Eamonn  Óg Ó Crotaigh, Lár na Páirce – Liam Ó Raghallaigh &  Conor Ó Cuirrín (0-1), Oisin  Ó Ceallaigh (1-1), Leath-thosach Láir – Aodhán Mac Gearailt (1-4), Séadhna  Mac Giolla Chuda, Jack  Ó Lonáin (0-1),  Lán-Tosach – Tim Muntjewerff, Jack  Ó Domhnaill. Fear Ionad – Conor  Ó Raghallaigh. Gortaithe: Cárthach  Ó Faoláin,  Stiofán Ó Dí, Seán  Ó Laoire, Tiarnán  Ó Foghlú, Brandon  Tóibín.

Féile – Cluiche Ceannais Peile an Iarthair

Is in aghaidh Bhaile na Cúirte a bhíomar sa chluiche seo agus fios maith againn roimhré go mbeadh sliabh ard le dreapadh chun an ceann is fearr a fháil  ar ár  bhfreasúra i bPáirc  Uí Fhearchair. I bhfírinne, mar a bhí soléir do gach éinne a bhí sa seastán,  tá  bearna mór fisiciúil idir foireann Bhaile na Cúirte agus gach foireann peile eile fé 14 sa chontae agus is fadhb chomh mór dóibh féin é chomh maith, mar tá  sé deacair orthu dúshlán  maith a fháil  ar pháirc  na himeartha. Cé go raibh seilbh na liathróide againn ana-chuid agus imirt mhaith ag dul suas na cliatháin  againn, ba  dheacair Baile na Cúirte a stopadh ó bhriseadh tríd aon uair a chailleamar an seilbh. Shamhlófá  go ndeanfaidh siad go maith sa bhFéile Peile náisiúnta  i mbliana.

Maidir lenár  bhfoireann féin, bhíomar bródúil as an iarracht a chuireadar isteach agus cé go raibh misneach á  cháilliúint  i dtreo an deireadh, bhí taispeántaisí  iontacha againn ar fud na páirce.  Chríochnaigh an cluiche 9-11 in aghaidh cúilín amháin,  lá  le cur taobh thiar dínn agus tá a  fhios againn go mbeimid féin ag forbairt go fisiciúil sna blianta atá  le teacht agus go laghdófar an bearna sin amach anseo.

Féile – Cluiche Ceathrú Ceannais Iomána  an Iarthair

Thaistealaíomar go dtí Baile na mBíolach chun aghaidh a thabhairt ar Naomh Oilibhéir ar an Déardaoin 17ú Aibreáin  agus an chuid is mó de na imreoirí ar fáil  againn. Ba dúshlán  mór é an cluiche seo ó thús go deireadh agus bhíomar 1-6 chun deiridh ag leath am i gcoinne na gaoithe agus gan scór ar bith faighte againn. Ní bhíonn aon cluiche críochnaithe ag leath am mar sin féin agus is le fonn agus crógacht a thug foireann na Gaeltachta  faoin obair an cleas céanna a bhuaileadh ar an bhfreasúra sa dara leath!

Chríochnaigh an cluiche ar comhscór agus ní raibh an réiteoir sásta  fuireach chun am breise a imirt. Mar sin, bhí athimirt ann.

Foireann:  Sa chúl – Nioclás  Breathnach, Shane  Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Mícheál  Ó Floinn,  Liam Úrmholtaigh, Evan  Tóibín, Leath-chúlaí láir – Ciarán Ó Mathúna (0-1 – 65), Cormac  Ó Mathúna, Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh (0-1) & Liam  Ó Réagáin Gagea, Jack Ó Lonáin (0-1), Leath-thosach láir – Séadhna  Mac Giolla Chuda, Oisín Ó Ceallaigh (0-3 2f), Maitiú Breathnach, Lán-tosach – Seán  Ó Floinn, Caolán Mac Craith (1-0). Fir Ionad: Diarmuid Ó hArtaigh, Donnchadh Mac Síomóin, , Seán  Ó Muirghíosa. Gortaithe:  Pádraig Breathnach

Athimirt: Tháinig Naomh Oilibhéir ar cuairt chugainn i bPáirc Uí Shíothcháin ar an Satharn 26ú Aibreáin don athimirt. D’éirigh linn an méad céanna scóranna a ghnóthú, ach fuair Naomh Oilibhéir cupla cúl bog chun a cluiche a bhuachaint. Scór Deiridh – An Ghaeltacht 1-6 Naomh Oilibhéir 4-3. Táimid amuigh as an gcomórtas seo anois, ach beimid ag glacadh páirt i mblitz a rithfear i Mí Meithimh i Mala.

Peil fé 14 – CLG Naomh Chárthaigh  v An Ghaeltacht

D’imríomar an cluiche seo ar an Déardaoin 10ú Aibreán  sa Lios Mhór ag 6:30pm. Ní mór an suim a bhíonn sa pheil sa taobh sin tíre agus cé go raibh roinnt imreoirí maithe ag an bhfoireann baile, ba léir ná  raibh cleachtadh peile ar bith déanta acu agus bhuamar an cluiche 6-11 in aghaidh cúl amháin. D’imir gach imreoir ar an oíche.

Foireann:  Sa chúl – Nioclás  Breathnach, Shane  Ó hÓgáin, Lán-chúlaí – Conor  Ó Raghallaigh (1-0), Jonathon  Uada, Liam Úrmholtaigh, Leath-chúlaí  láir – Ciarán Ó Mathúna, Evan  Tóibín (1-1), Lár na Páirce – Eamonn Óg Ó Crotaigh & Cormac  Ó Mathúna, Jack Ó Lonáin (1-3), Leath-thosach láir – Mícheál Ó Floinn, Oisín Ó Ceallaigh (0-3), Séadhna Mac Giolla Chuda (2-3), Lán-tosach – Liam Ó Réagáin Gagea (1-0), Caolán Mac Craith (0-1). Fir Ionad: Diarmuid Ó hArtaigh, Donnchadh Mac Síomóin, Seán  Ó Floinn, Jack Ó Floinn, Cathal Ó hÓgáin. Gortaithe:  Pádraig Breathnach

Peil fé 13 – An Ghaeltacht v Dún Garbhán

Is ar Luan Cásca ag 2pm a bhí an cluiche seo i bPáirc Cholmáin agus maraon leis an gcluiche san Uidhir, agus bhí ard-choimhlint ann. De bharr deacaireachtaí teangbhála, ní raibh ach 13 againn, ach ba chuma, mar bhí an méad díreach céanna ag Dún Garbhán.

Chuir Dún Garbhán tús leis scóreáil le cúilín, ach ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair Nioclás cúl. Chuir Oisín ceann tharais an trasnáin  ansin, ach bhí an freagra céanna ag an foireann an bhaile móir. Tháinig 5 chúilín as diaidh a chéile do bhuachaillí na Gaeltachta ansin – Liamaí, Nioclás (0-2), Oisín le cic saor & Liamaí arís. Mar a bhíonn i gcluichí faoi aois, bhí an luascán réidh chun dul an treo eile, le cúilín, cúl & 2 chúilín ó Dhún Garbhán. Chuir Jack Ó Floinn deireadh leis an scóreáil sa chéad leath le cúilín iontach ón imirt. Scór leath-ama: An Ghaeltacht 1-7 Dún Garbhán 1-5.

Cé go bhfuair Liamaí an chéad cúilín sa dara leath, fuair Dún Garbhán cúl. Chailleamar imreoir le cárta dubh & cé go raibh sé sin dian & ná raibh aon droch rud i gceist, nó cur chuige d’aon ghnó, bhí ciotachas san iarracht & ar a laghad tá ábhar foghlama ann do gach imreoir. Fuair Dún Garbhán cúilín ansin, ach bhí Nioclás ag imirt go maith mar lán tosach agus fuair sé cúl, leanta ag cúl eile ó Chaolán. Bhíomar 3-8 go dtí 2-6 chun cinn, ach is ag Dún Garbhán a bhí an scóreáil ar fad ina dhiaidh sin, le cúilín, 3 chúl & 3 chúilín. Bhí imreoirí na Gaeltacht ag teacht corrtha ag clúdach an breis-spás – scór deiridh: An Ghaeltacht 3-8 Dún Garbhán 5-10.

Imreoimid Dún Garbhán arís is cosúil, sa chluiche leathcheannais ar an Satharn seo ag teacht, 3ú Bealtaine ag 3:30pm i nDún Garbhán.

Foireann: Sa chúl – Donnchadh Mac Síomóin, Conall Ó Ceallaigh, Lán-chúlaí  – Mícheál  Ó Floinn, Liam Úrmholtaigh, Leath-chúlaí láir  – Cormac Ó Mathúna, Jack Ó Floinn (0-1), Lár  na páirce  – Oisín Ó Ceallaigh (0-2 1f) & Caolán  Mac Craith (1-0), Maitiú Breathnach, Leath-thosach láir  – Liam Ó Réagáin Gagea (0-3), Cathal Ó hÓgáin, Seán Ó Muirghíosa, Lán-tosach  – Nioclás  Breathnach (2-2).

6ú Aibreáin 2014

 

Peil fé 18 – Cluiche Ceathrú Ceannais

Imreoimid in aghaidh Chnoc Síon sa chluiche seo seachtain ón Mháirt seo chugainn ar an 22ú Aibreáin i Léim Uí Bhriain ag 7pm.
Peil fé 16 – An Ghaeltacht v Trá Mhór

Ba athschocrú é seo ar chluiche a chuireadh ar ceall de bharr nár tháinig réiteoir. Imríodh é i bPáirc Uí Fhearchair ag 6:30pm ar thráthnóna Dé Máirt 1ú Aibreáin agus cé go raibh an oíche geallta maith go leor, thit go leor fearthainne i rith an chluiche.

Chuir Jack Ó Lonáin tús leis an scóreáil le cúilín ón imirt, leanta ansin ag 5 chúilín as diaidh a chéile don bhfreasúra. Fuair Séadhna Mac Giolla Chuda cúilín ansin ón imirt, ach is go gairid ina dhiaidh sin a tháinig cúl ón Trá Mhór. Bhíomar i dtrioblóid agus cé gur mhaolaigh Aodhán Mac Gearailt an contúirt le cúilín eile ón imirt, bhíomar fós 6 chúilín chun deiridh in aghaidh na gaoithe. Thóg Oisín Ó Ceallaigh cúilín ansin ó chic saor agus bhris ár leathchúlaí láir Conor Ó Cuirrín tríd díreach roimh leath ama chun crut níos fearr a chur ar chlár na scór ag leath am: Trá Mhór 1-6 An Ghaeltacht 1-4

Ba iad buachaillí an oirthear a chuir tús le gníomhanna an dara leatha le cúilín eile, tháinig Séadhna ansin arís lena dara chúilín ón imirt, ach ghnóthaigh an Trá Mhór ceann eile fós. Tháinig 2 chúilín ansin ónar lán-tosach Brandon Tóibín (an chéad ceann ó chic saor), ach fuair an Trá Mhór ceann eile chun iad féin a choimeád 2 chúilín chun na maitheasa.

Deirtear i gcónaí gurb iad na cúil a bhuann cluichí agus thosnaigh an chuid seo den gcomhrac le cúl ón imirt ag Séadhna. Bhí Jack Ó Domhnaill, Ciarán Ó Mathúna agus Tiarnán Ó Foghlú ar an bpáirc faoin dtráth seo agus Tiarnán ag deanamh raic istigh sa líne lán tosach. Tarraingíodh anuas sa bhosca é agus bhronn an réiteoir cic píonóis orainn, mar a bháigh Aodhán sa líontán é. Ba é Aodhán arís a bhí gnóthach don chéad cúl eile le rith mór fada isteach ag úsáid a chuid láidreacht chun briseadh tríd agus cé chur cheistigh an Trá Mhór an méad preabanna a bhí deanta aige, sheas an cúl.

Dhein an Trá Mhór cupla ionsaí mór eile agus fuaireadar cúl dá gcuid trioblóidí, ach bhí an díobháil deanta againn agus chríochnaigh an cluiche 4-7 in aghaidh 2-9 i bhfábhar na Gaeltachta. I bhfírinne, ní raibh faic idir na fóirne seo agus bheadh gach seans go mbuailfimís leo arís roimh deireadh an chomórtais. Ba dheas go raibh Mícheál Ó Cadhla fillte chugainn ó ghortú a bhain do agus bhí an líne lán chúil ar an aois thar a bheith foirfe le Brian de Barún sa lár, Cárthach Ó Faoláin taobh leis agus an fear mór Ciarán Ó Maoileoin sa chúl.

Foireann: Sa chúl – Ciarán Ó Maoileoin, Mícheál Ó Cadhla, Lán-chúlaí – Brian de Barún, Cárthach Ó Faoláin, Liam Ó Réagáin Gagea, Leath-chúlaí Láir – Conor Ó Cuirrín (1-0), Conall Ó Briain, Lár na Páirce – Liam Ó Raghallaigh & Eamonn Óg Ó Crotaigh, Oisin Ó Ceallaigh (0-1f), Leath-thosach Láir – Aodhán Mac Gearailt (2-1 – 1P), Séadhna Mac Giolla Chuda (1-2), Tim Muntjewerff, Lán-Tosach – Brandon Tóibín (0-2 – 1f), Jack Ó Lonáin (0-1). Fir Ionad – Jack Ó Domhnaill, Tiarnán Ó Foghlú, Ciarán Ó Mathúna. Gortaithe: Stiofán Ó Dí, Seán Ó Laoire, Conor Ó Raghallaigh.

Peil fé 16 – Naomh Deuglán Thoir v An Ghaeltacht

Bhí an cluiche seo fógraithe do Bhaile Uí Dhuibh Thoir ar an Domhnach 6ú Aibreáin ag 11am, ach ní fada a bhíomar ann nuair a tháinig glaoch chun a rá linn go mbeadh sé ar siúl i gCoill Mhic Thomáisín. Bhíomar thar a bheith láidir sa chluiche agus faoi leath am, bhíomar 1-12 chun na maitheasa i gcomparáid le 0-3 ag an bhfreasúra.Cé go bhfuair Naomh Deuglán Thoir (Baile Uí Dhuibh Thoir & Coill Mhic Thomáisín le chéile) 3-3 sa dara leath, bhí 4-5 ag An Ghaeltacht mar freagra ar sin agus bhí an cluiche aon-taobhach ó thaobh scórála de. Cinntíonn an toradh seo áit i gcluiche ceathrú ceannais dúinn, ach is fúinn féin é anois a chinntiú go láidreoimid ár ionad ar chlár na sraithe chun tarraingt maith a fháil chuige. Bhí sé go deas beirt nua a fheiscint ar chlá na scór – Liam Ó Raghallaigh agus Tim Muntjewerff agus tá siad ag dul ó neart go neart leis an bhfoireann seo.Cé go bhfuil feabhas mór tagtha ar chúrsaí smachta faoi aois, ba é an trua imreoir a fheiscint curtha den páirc i dtreo an deireadh agus anois ar fionraí. Chríochnaigh an cluiche: Naomh Deuglán Thoir 3-6, An Ghaeltacht 5-17. Ba é an trua leis go raibh imreoirí in easnamh gan tuairsc ar an lá chomh maith agus beidh ar na imreoirí iad féin labhairt lena chéile faoi uimhreacha a bheith ar fáil ar lá an chluiche.

Foireann: Sa chúl – Ciarán Ó Maoileoin, Mícheál Ó Cadhla, Lán-chúlaí – Brandon Tóibín, Liam Ó Réagáin Gagea, Conall Ó Briain, Leath-chúlaí Láir – Conor Ó Cuirrín, Eamonn Óg Ó Crotaigh, Lár na Páirce – Liam Ó Raghallaigh (0-2) & Brian de Barún (0-1), Oisin Ó Ceallaigh (0-4), Leath-thosach Láir – Aodhán Mac Gearailt (1-4), Séadhna Mac Giolla Chuda (2-5), Jack Ó Lonáin (2-0), Lán-Tosach – Tim Muntjewerff (0-1), Jack Ó Domhnaill. As láthair: Tiarnán Ó Foghlú, Ciarán Ó Mathúna. Gortaithe: Stiofán Ó Dí, Seán Ó Laoire, Conor Ó Raghallaigh. Cárthach Ó Faoláin,

Féile – Cluiche Ceannais Peile an Iarthair

Imreofar an cluiche fé 14 seo i bPáirc Uí Fhearchair ar an Mháirt 8ú Aibreáin ag 6:30pm agus is in aghaidh Bhaile na Cúirte a bheimid. Tá dúshlán amach romhainn anseo, mar go bhfuil an freasúra thar a bheith láidir go fisiciúil, ach le cúnamh Dé bainfimid an corn ar an lá.

Peil fé 14 – CLG Naomh Chárthaigh v An Ghaeltacht

Tá an cluiche seo le bheith ar siúl ar an Déardaoin 10ú Aibreán sa Lios Mhór ag 6:30pm. Go n-éirí an t-ádh lenár imreoirí ar an oíche.

Peil fé 13 – An Uidhir v An Ghaeltacht

Is don Luan 31ú Márta ag 6:30pm a shocraíodh an cluiche seo i mBaile Mhic Cairbre agus bhí ard-chluiche ar fad ann, le gach imreoir ar phainéal fé 13 na Gaeltachta i láthair agus páirteach sa chluiche seo i Roinn 1 san Iarthar.

Chuir Liamaí tús leis an scóreáil le cúilín ón imirt, ach ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair An Uidhir cúl. Chuir Caolán ceann tharais an trasnáin ansin, ach bhí an freagra céanna ag an bhfoireann baile agus chuireadar ceann eile leis. Is ansin a chuir an fear beag ón Sean Phobal – Cathal – snas ar ár gcuid iarrachtaí le cúl gleoite chun an cluiche a chothromú. Bhí cúilín eile ón Uidhir agus chuir Caolán deireadh leis an scóreáil don chéad leath le cúilín ó chic saor a bhuaigh sé féin – 1-3 araon ag leath am.

Ba sa dara leath a thánamar chun beatha ar fad, le cúl ó Oisín tar éis 2 nóiméad. Lean sé air nóiméad ina dhiaidh sin le cúilín ón imirt agus le 7 nóiméad caite, bhí cúl faighte ag Nioclás. Cúilín eile ó Oisín ansin agus an buille marfach ó Nioclás, le cúl eile. Le 4 nóiméad fágtha, ba sheans Jack Ó Floinn a bhí ann cúilín a fháil chun barr-snas a chur ar ár gcuid iarrachtaí. D’éirigh le Donnchadh an liathróid a chiceáil isteach sa chúl, ach tugadh cic saor amach ina choinne & níor sheas an scór. Fuair an Uidhir cúilín ag teacht i dtreo an deireadh, ach bhí an t-am ag druidiúint uathu. Chríocnaigh sé – An Uidhir 1-4, An Ghaeltacht 4-6. Ní bheidh cluiche eile againn go dtí Luan Cásca, nuair a thabharfaidh Dún Garbhán cuairt orainn ag 2pm.

Foireann: Sa chúl – Ryan Mac Craith, Seán Ó Floinn, Lán-chúlaí – Mícheál Ó Floinn, Seán Ó Muirghíosa, Liam Úrmholtaigh, Leath-chúlaí láir – Cormac Ó Mathúna, Jack Ó Floinn (0-1), Lár na páirce – Oisín Ó Ceallaigh (1-2) & Caolán Mac Craith (0-2 1f), Maitiú Breathnach, Leath-thosach láir – Liam Ó Réagáin Gagea (0-1), Jonathon Uada, Donnchadh Mac Síomóin, Lán-tosach – Nioclás Breathnach (2-0), Cathal Ó hÓgáin (1-0). Fir Ionad: Kyle Mac Seoin, Conall Ó Ceallaigh, Lúcás Uada.

Iomáint fé 12 – An Ghaeltacht v Caisleán Cuanach

Bhíomar i bPáirc Cholmáin don chéad cluiche sa sraith iomána fé 12 Roinn 1 Iarthair i mbliana ar an Aoine 4ú Aibreáin ag 6:45pm. Bhí cluiche thar a bheith dian ann, le dúshlán fisiciúil ón bhfreasúra agus le beagán scóranna ar an oíche. Bhí an réiteoir sásta scaoileadh leis an imirt agus is beag stop a bhí sa chluiche, seachas chun comhar leighis a chur ar imreoirí na Gaeltachta ó am go chéile. Chríochnaigh an cluiche: An Ghaeltacht 1-2 Caisleán Cuanach 2-1.

Painéal: Jack Ó Floinn, Nioclás Breathnach, Kyle Mac Seáin, Cormac Ó Mathúna, Ryan Mac Craith, John Ó Floinn, Cathal Ó hÓgáin, Caolán Mac Craith, Conall Ó Ceallaigh, Lúcás Uada, Oisín Ó Dúnaigh, Daragh Mac Craith, Tadhg Breathnach, Liam Ó Síothcháin, Marc Ó Mathúna, Eoghan Ó Crotaigh

 

30ú Márta 2014

 

Peil fé 18 – Baile Uí Dhuibh v An Ghaeltacht

Tar éis do Áth Mheáin a gcluiche in aghaidh Bhaile Uí Dhuibh a ghéilleadh, bhí gá le babhta cáilithe mar gur chríochnaigh ár dtrí bhfoireann ar cheithre phointe ar chlár na sraithe i ngrúpa 1 de roinn 3. Bhuaigh Baile Uí Dhuibh an tarraingt don buntáiste baile inár gcoinne agus bhíomar curtha i gcóir le taisteal chuchu, ach tháinig glaoch maidin Dé Domhnaigh ag rá go raibh droch-chrut ar an bpáirc acu tar éis na fearthainne agus go mbeadh an cluiche á bhogadh go dtí Páirc Uí Fhearchair. Ar ndóigh, bíonn fonn ar imreoirí óga a bheith i bPáirc Uí Fhearchair i gcónaí agus is le fonn a thaistealaíomar an turas gairid isteach.

Thug Baile Uí Dhuibh dúshlán i bhfad níos géire dúinn ar an ócáid seo, ná mar a bhí againn uathu i bPáirc Uí Shíothcháin agus cé nár éirigh leo dul chun cinn orainn, ní raibh ach 3 chúilín idir na fóirne i gcuid amháin den cluiche. Mar sin féin, bhíomar fós ró-láidir sna tosaithe dóibh agus bhí seisear againn ar chlár na scór. Bhain droch-ghortú cinn do imreoir ó Bhaile Uí Dhuibh nuair a bhí liathróid á imirt gairid don taobhlíne trasna ón seastán agus gur bhuail sé i gcoinne an fhalla. Tá súil againn go bhfuil sé ceart go leor ina dhiaidh.

Níor éirigh linn fear ionad a fháil ar an bpáirc ar an ócáid seo, de bharr an cluiche a bheith chomh dian, ach beidh deis eile ag an bhfoireann anois agus sinn cáilithe do chluiche ceathrú ceannais amach anseo. Is le buille faoi thuairim a thugaimid toradh an chluiche seo: Baile Uí Dhuibh 3-5 An Ghaeltacht 4-10.

Foireann: Sa chúl – PJ Ó Domhnaill, Aodhán Mac Gearailt, Pax Ó Faoláin, Páidí Ó Foghlú, Leath-chúlaí láir – Aaron Ó Crotaigh, Oisín Mac Síomóin, Lár na Páirce – Conor Ó Cuirrín (0-2) & Dylan Tóibín, Diarmuid Ó Cuirrín (0-3), Leath-thosach Láir – Brian de Barún (1-0) , Páraic Ó Lonáin (0-3 2f) , Shane Ó Donnabháin (0-2), Brandon Tóibín (2-0). Fir Ionad – Cathal Ciarnán Mac Aodha, Tim Muntjewerff, Tiarnán Ó Foghlú. Gortaithe – Darach Ó Cathasaigh, Mícheál Ó Cadhla, Seán Ó Laoire.
Peil fé 16 – An Ghaeltacht v Trá Mhór

Is don Mháirt 1ú Aibreáin ag 6:30pm a shocraíodh an cluiche seo i bPáirc Uí Fhearchair ag am a scríobh seo. Beidh an toradh againn i nótaí an tseachtain seo chugainn

Peil fé 14

Tá caint air go mbeimid ag imirt in aghaidh CLG Naomh Chárthaigh ar an Satharn 5ú Aibreáin. Ionad & am le socrú.

Peil fé 13 – An Uidhir v An Ghaeltacht

Is don Luan 31ú Márta ag 6:30pm a shocraíodh an cluiche seo i mBaile Mhic Cairbre ag am a scríobh seo. Beidh an toradh againn i nótaí an tseachtain seo chugainn

Peil fé 10 – Blitz

Bhíomar ag WIT Carraig an Óir ar an Satharn 29ú Márta chuige seo agus bhí cluichí againn in aghaidh Chill Rosanta, Gaill Tír & Na Mistéalaigh. Bhí 14 imreoir againn ann ar an lá, deichniúir ar an aois & ceathrar fé 9 agus bhíomar láidir go maith ann. Bhí ard-mhaidin ag na buachaillí ann agus is cur i gcóir maith a bhí ann dóibh siúd a bheidh ag imirt sna cluichí fé 9, ag tosnú le iomáint ar an Luan seo chugainn 7ú Aibreáin sa mbaile in aghaidh Aird Mhór. Buíochas le Billy Ó Síothcháin & Seán Uada as a gcuid oibre leis an bhfoireann fé 10.

Painéal ar an lá: Daragh Mac Craith, Ruadhán Ó Floinn, Liam Ó Síothcháin, Tadhg Breathnach, Marc Ó Mathúna, Eoghan Ó Crotaigh, Rian Frinseach, Ben Mac Bhloscaidh, Cian Ó Riagáin, Tony Ó Cathbhuaigh, Aodhán Ó Raghallaigh, Conor Frinseach, Aindriú Ó hOdhragáin & Diarmuid Ó Mathúna. Bhí Domhnall Ó Faoláin & Aindriú Breathnach as láthair de bharr tinnis agus ní raibh ar chumas Doiminic Ó Dí nó Rian Ó Ceallaigh taisteal ar an lá.

Beidh cluichí peile fé 10 ag teacht aníos le Dún Garbhán & An Uidhir go luath agus beimid ag súil go mór leis an sár-ghrúpa imreoirí seo a fháil le chéile arís chuige.

Comórtas Chuimhneacáin Mhichíl Uí Mhanacháin

Tá An Ghaeltacht ana-bhuíoch do chlann Uí Mhanacháin as a mbronnadh ar an gclub den airgead a dheineadh ag an gcomórtas bliaintiúil saghaid i gcuimhne ar Mhicín, fear uasal ó Bhaile na nGall. Is cinnte go mbeidh úsáid maith ag ógánaigh na Gaeltachta do na sliotair & liathróidí peile a cheannófar as an airgead.

Peileadóirí fé 10 na Gaeltachta a ghlac páirt ag blitz i WIT le deanaí

An Ghaeltacht Peil fe 10