An Ghaeltacht CLG – Baile

Is club faoi aois é An Ghaeltacht i gCo. Phort Láirge a imríonn Peil, Iomáint & Liathróid Láimhe.

Peil fé 13 Roinn 2 – Coraithe an Chontae 2015

 

Tarraingíonn An Ghaeltacht CLG ar imreoirí ó Rinn Ó gCuanach agus an Sean Phobal agus úsáideann an club dhá pháirc chun a chuid imeachtaí a chur ar siúl:

Páirc Uí Shíothcháin, An Rinn

Páirc Cholmáin, An Sean Phobal

Bhí sé mar onóir ag An Ghaeltacht a bheith mar choraithe peile mioniúir an chontae i Roinn 1 sa bhliain 2011, don chéad uair ó 1954.