Scéim na nGortaithe CLG

Tá cabhair ar fáil ón CLG go náisiúnta le roinnt costaisí leighis a éiríonn as gortaithe a bhaineann do imreoirí ag seisiúin traenála agus cluichí oifigiúla.  Ní árachas é seo, is scéim comh-mhaitheasa é chun aireachas a thabhairt do bhaill reatha an CLG.

I gcás gortú (beag nó mór) do imreoir faoi aois de chuid na Gaeltachta, tá sé thar a bheith tabhachtach go gcuirfear sonraí cruinn ar fáil don rúnaí i scríbhinn laistigh de thréimhse coicíse.  Tá an dualgas iomlán ar thuismitheoir/í nó camhnóir/í ar imreoir/í faoi aois na sonraí seo a chur in iúl i scríbhinn i rith an tréimhse coicíse agus aitheantas i scríbhinn a fháil ón club go bhfuil gach sonra faoin ngortú curtha ar fáil, nó ní ghlacfar leis an iarratas faoi Scéim na nGortaithe CLG.  Níl aon eisceachtaí ann don rial seo agus ní bheidh imreoir i dteideal cabhair faoin scéim gan é seo a bheith deanta.

Ní gá a bheith buartha faoi thuairiscí dochtúra, nó admháil leighis i rith an tréimhse coicíse tar éis don imreoir a bheith gortaithe, ní chaithfear ach an gortú a chlárú le Páirc an Chrócaigh.  Ní féidir leis an club é seo a dheanamh gan sonraí faoin ngortú i scríbhinn agus aon sonraí faoi pholasaithe árachais leighis atá ag an gclann (mar shampla uimhir & polasaí VHI).  Tá sé thar a bheith tabhachtach go dtógann tuismitheoirí/caomhnóirí é seo go dáiríre, mar ní bheidh ar chumas an chlub cabhrú le iarratas gan gach rud a bheith deanta i gceart, sonraithe cruinn árachais sláinte na clainne san áireamh.

De bharr gur scéim comh-mhaitheasa é seo do bhaill reatha CLG amháin, ní chlúdaíonn sé comhar leighis atá cheana féin clúdaithe ag árachas sláinte príomháideach (ar nós an VHI).  Tá saghasanna eile comhair leighis nach gclúdaítear faoin scéim, ar nós go leor saghasanna obair physio.  Is scéim náisiúnta é seo, mar sin níl tionchar ar bith ag an gclub ar na costaisí a chlúdaíonn an scéim, nó aon ní eile a bhaineann leis.

Glacfar le sonraí faoi ghortú le ríomhpost go dtí:

runaibng.anghaeltacht.portlairge@gaa.ie

nó ar pháipéar go dtí an rúnaí, cathaoirleach nó oifigeach na bpáistí.  Muna dtagann aitheantas/admháil scríofa chugat laistigh de chupla lá, lorg é láithreach.  Níl do iarratas istigh gan an admháil scríofa sin a bheith agat mar chruthúnas.

Tá an foirm ar fáil anseo le íoslódeáil agus beidh cabhair ar fáil ón gclub chun é a líonadh laistigh den teora ama coicíse, má lorgaíonn tuismitheoir/caomhnóir cabhair.  Muna gcloiseann an club uait, glacfar leis nach mbeidh iarratas ag dul isteach uait ar chabhair ó Scéim na nGortaithe CLG.

Bí cinnte go bhfuil an foirm iomlán thíos léighte agat ina iomlán.  Ní bheidh aon freagracht ar an gclub an scéim a réamh-mhíniú ina iomlán do thuismitheoirí/caomhnoírí.

Foirm Oifigiúil/GAA-Injury-Claim-Form