Nuacht

An Ghaeltacht i gcluiche ceannais iomána fé 21 & Dónal Breathnach sa Nuacht Náisiúnta le cúl gleoiteNuacht (brúigh anseo)

 

Sraith Reatha & Siúlóide 5km

Ceann a’ Bhathala 2014

Do dhaoine fásta & páistí

Domhnach 26 Deireadh Fómhair 2014 Tosnú @ 9:30am ag Cé Heilbhic

 agus gach Domhnach ar feadh 8 seachtainí.

 Clárú: €5 duine fásta/€2 páiste

Gach seachtain:  €2 duine fásta/€1 páiste

ar mhaithe le

An Ghaeltacht CLG

 

 

Athimirt!!

Comhgháirdeachas le foireann iomána mionúir na nDéise a ghnóthaigh áit dóibh féin in athimirt in aghaidh Luimní ar an Mháirt 22ú Iúil 2014 i nDúrlas Éile.  Bhíodar thíos 7 gcúilín le 10 nóiméad le dul – ana theacht thar n-ais!  Ar ndóigh ciallóidh sé seo gur dócha go mbeidh cluichí mionúir na gclubanna ar athló agus ná beidh cluiche againn ar an Déardaoin 17/7/2014

Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan 2014

Guíonn an club gach rath ar iománaithe mionúir na Mumhan a thabharfaidh chun na páirce i gCorcaigh in aghaidh Luimní ar an Domhnach 13ú Iúil 2014.  Beidh iománaithe fé 21 na nDéise ag imirt in aghaidh Chorcaí ar an gCéadaoin 16ú Iúil 2014 i bPáirc an Bhreathnaigh agus imreoirdh foireann sinsear na nDéise in aghaidh Loch Garman ar an Satharn 19ú Iúil i bPáirc Uí Nualláin, i mbabhta cáilithe an chraobhchomórtais sinsear uile Éireann.  Na Déise Abú!!

 

Iomáint fé 8 – Blitz ag Halla Bhoth a’ Dúin

Beidh blitz iomána fé 8 ar siúl do imreoirí rugtha 2005 & 2006 ar an Satharn seo / SAT 2/2/2013 sa Halla mór ag Bohadoon i gCill Ghobnait ag tosnú ag 10:30am (níor mhór do imreoirí a bheith ann ag 10:10am).

Beidh uimhir Dave ar an text a theigheann amach, bí cinnte text a chur chuige má bheidh do pháiste ag imirt.  Muna gcloisimid ó thuismitheoir/caomhnóir, is oth linn a rá nach mbeidh aon dul as ach cuireadh a thabhairt do imreoir eile teacht ina áit.  Má tá suim ag tuismitheoirí taisteal a roinnt le tuismitheoirí eile, buailfimid go léir lena chéile ag Meánscoil San Nioclás ag 9:30am ar an lá agus beidh deis ag tuismitheoirí labhairt lena chéile ansin (is faoi tuismitheoirí atá sé a chinntiú go bhfuil spin ag a bpáiste ann agus abhaile).

Bíonn ard-spórt ag na buachaillí ag an ócáid seo gach bliain agus beidh ar a laghad 2 chluiche acu ar an lá!


View Larger Map

 

Peil fé 14 Roinn 2

Cuirfear tús leis seo ar an Domhnach 10/2/2013 le cluiche i gcoinne an Uidhir ag ionad sa Ghaeltacht ag 10:30am.  Beidh Téacs ag dul amach faoi thraenáil go luath agus meabhraítear do gach imreoir a bheith cinnte go mbeidh sciath béil (mouthguard/gumshield) aige don traenáil agus do chluichí.

No Mouthguard=No Game/Training.  Níl dul as againn leis an rial seo de bharr nach mbeidh imreoirí clúdaithe faoin scéim CLG gortaithe na n-imreoirí gan sciath béil a bheith á chaitheamh acu ag traenáil agus cluichí.  Is ar imreoirí agus a dtuismitheoirí atá dualgas iomlán a chinntiú go mbeidh an fearas seo acu ar an lá.  Ní bheidh mouthguards ag an gclub le tabhairt do imreoirí.

Sonraí na gcluichí ar an bhféilire Google.

 

Craobhchomórtaisí do dhaoine fásta 2013 i gCo. Phort Láirge

Déanadh an tarraingt do na craobhchomórtaisí éagsúla ar an Luan 28/1/2013, fóirne na Rinne agus an tSean Phobail ina measc.  Imreoidh an Rinn sa pheil agus iomáint sinsir agus sna comórtaisí ceangailte don sóisear.  Beidh an Sean Phobal ag imirt sa pheil sóisear.  Lean an nasc chun sonraí a fháil:

http://deiseabu.blogspot.ie/

 

 

Quiz Boird ar son Peileadóirí Phort Láirge 2013

(Waterford Footballers’ Quiz night 2013)

Dé hAoine seo – Friday 25/1/2013 9pm ag An Marine – 5 ar gach bord

Costas – €10 an duine

Iarrtar ar imreoirí ó na clubanna seo tacú go mór leis an oíche

Clais Mór, An Rinn, An Sean Phobal & Aird Mhór

MC – Mac Dara Mac Donncha

Beidh Peileadóirí ó fhoireann Phort Láirge i láthair ar an oíche

 

 

 

An Ghaeltacht CLG – Cruinniú Bliaintiúil

Bhí an cruinniú ar siúl ar an Mháirt 22/1/2013 ag CLG an tSean Phobail ag 8pm.

Cuireadh fógra don gcruinniú bliaintiúil de Chumann Luthchleas Gael na Gaeltachta ar an suíomh seo www.anghaeltacht.ie ar an Mháirt 15/1/2012.

 

Cúrsaí Cosaint na bPáistí go luath i 2013

Déardaoin 17/1/2013, CLG Dhún Garbháin @ 7pm

Céadaoin 23/1/2013 CLG Naomh Slánaitheoir, Cathair Phort Láirge @ 7pm

Déardaoin 24/1/2013 CLG Mágh Dheilge @ 7pm

Dé Luain 18/2/2013 CLG Tuar an Fhíona @ 7pm

Tá na cúrsaí seo oscailte do gach éinne agus tá costas €10 an duine ar chúrsa.  Is féidir eolas a fháil tríd ríomhphost a sheoladh go dtí an rúnaí

 

Corn Uí Arta 2013 – Coláistí na nDéise 0-14    Pobalscoil Abha Móire 0-10

D’imríodh an cluiche ceathrú ceannais den gcomórtas seo idir Coláistí na nDéise agus Pobalscoil Abha Móire ar an gCeadaoin 16/1/2013 i bPáirc Uí Fhearchair i nDún Garbhán. Bhí slua ollmhór istigh – suas le 2,000 duine agus bhí cluiche dian ann idir an 2 fhoireann.  Ba iad Coláistí na nDéise a tháinig amach ar barr ar deireadh, tar éis gan ach an farasbarr is lú a bheith acu don chuid is mó den cluiche.

Bhí Criostóir Breathnach ón gclub seo páirteach ó thús an chluiche agus é ag imirt mar thosaí ar an gcliathán.  Bhí ard-chluiche ag Christy, ba bheag ná raibh cúl aige sa chluiche agus bhuaigh sé cupla poc saor dá fhoireann chomh maith.  Imreofar an cluiche leathcheannais de phríomhchomórtas iomána scoile na Mumhan ar an Domhnach 3/2/2013 ag 2pm i Mainistir Fhear Maí agus beidh Scoil na mBráithre Dúrlas Éile ina n-aghaidh ar an lá.

 

Poc Fada ar Lá le Stíofán 2012 sa Rinn

Buaiteoirí 2011 thíos le cathaoirleach club na Rinne – Noel Ó Murchadha.  Ní raibh gá pictiúir nua a chur in áirde, mar bhuaigh an triúir céanna arís i 2012 é!!

Thóg An Ghaeltacht CLG an poc fada ar bord i 2012 agus agus bhí ard-lá ag gach éinne a ghlac páirt mar is gnáth.  Buíochas mór do na maoir a tháinig ar an lá agus a thug a gcuid am.  Táimid cheana féin ag súil leis arís i 2013!!

 

Áiseanna imeartha nua ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht

Ta an fód gearrtha anois ar dhá shuíomh a chuirfidh go mór le deiseanna siamsaíochta do pháistí i nGaeltacht na nDéise.  Sa Sean Phobal, tá tús curtha leis an obair ar an bpáirc uile aimsire atá á thógaint ag Coiste Forbartha an tSean Phobail agus sa Rinn, tá dul chun cinn á dhéanamh leis an Imearlann.

An suíomh do Pháirc Uile Aimsire an tSean Phobail (agus foirgneamh CLG an tSean Phobail sa chúlra)

Beidh Páirc uile aimsire an tSean Phobail 42M x 26M (140′ x 85′) agus beidh soilse 12m (40′) ar aoirde ann.  Beidh áis iontach ann don aos óg agus dóibh siúd nach bhfuil chomh hóg fiú! Meastar go mbeidh sé oscailte don Pobal ag deireadh Mí Márta 2013.

Obair ag leanúint ar Imearlann na Rinne (in aice le Spar)

Mar is féidir a fheiscint ón bpictiúr thuas, tá dul chun cinn á dhéanamh leis an Imearlann sa Rinn agus cuirfidh sé leis an ceantar ina bhfuil Spar agus an Linn Bhuí ann cheana féin.  Seans go mbeidh tóir mór ar an imearlann i rith Comórtas Peile na Gaeltachta nuair a bheidh na sluaite thimpeall i Meithimh 2013.

 

Peileadóirí – Sciathanna Béil Éigeantach i 2013

                        

Ón chéad lá Eanair 2013, beidh sciathanna béil éigeanteach (compulsory) do gach peileadóir faoi aois sa Chumann Lúthchleas Gael.  Ní bheidh cead ag peileadóirí óga páirt a ghlacadh ag traenáil nó ag cluichí gan sciath béil a chaitheamh ar feadh tréimhse na himeachta ar an bpáirc.  Chun go mbeadh gach eolas ag peileadóirí agus a dtuismitheoirí, tá leathnach iomlán ar an suíomh seo chun do chuid ceisteanna a fhreagairt.

Buail anseo

 

 

Cúrsa Cosaint na bPáistí (CLG/Irish Sports Council)

Bhí 26 duine ag an cúrsa seo ar an Céadaoin 28/11/2012 sa Rinn 7-10pm.  Tá an cúrsa seo éigeantach do gach duine fásta a bhíonn ag obair le daoine fé 18 sa chlub, campaí samhraidh san áireamh.  Seol ríomhphost go dtí an Rúnaí má tá suim agat ceann a dhéanamh i 2013.

Buail anseo – runaibng.anghaeltacht.portlairge@gaa.ie

 

Craobh Iomána an Chontae 2012

Comhgháirdeachas le foireann na Rinne a bhuaigh cluiche ceannais iomána idirmheánach an chontae 2012 ar an Domhnach 21/10/2012 i bPáirc Uí Fhearchair, Dún Garbhán.  Ba iad Port Lách a bhí mar freasúra ag buachaillí na Rinne ar an lá agus ba é an scór deiridh:  An Rinn 1-14   Port Lách 0-4. 

Ciallaíonn sé seo go mbeidh An Rinn ag imirt i ngrád na sinsir arís i gCo. Phort Láirge i 2013.  D’imir siad i gcluiche leathcheannais iomána idirmheánach na Mumhan ar an Domhnach 4/11/2012 in aghaidh Silvermines ag Dolla, gairid do Aonach Urmhumhan, ach bhí an bua ag Béal Átha Gabhann ar scórlíne 0-13 go dtí 0-11.

 

Comórtas Craoibhe Club na Mumhan 2012

D’imir Mná na Rinne i gCluiche Ceannais Camógaí na Mumhan in aghaidh Truagh/Clonlara (An Clár) ag 12:15pm ar an Domhnach 4/11/2012 ag páirc CLG Teampaill an Doire/Templederry, Co. Thiobraid Árann i ngrád na sóisear.  Chailleadar an cluiche seo le díreach 2 chúilín agus bheadh an farasbarr sin i gceist do fhearaibh na Rinne sa chluiche a bhí díreach 15 nóiméad taistil sa chearr. Ba dheis iontach é seo tacú leis an dá fhoireann ar an lá.

D’imir iománaithe idirmheánacha na Rinne i gCluiche Leathcheannais Iomána na Mumhan in aghaidh Béal Átha Gabhann ag 2pm ar an Domhnach 4/11/2012 ag Páirc CLG Bhéal Átha Gabhann, Dolla, Co. Thiobraid Árann sa ghrád idirmheánach.  Bhí fearaibh na Rinne chun cinn 0-7 go dtí 0-4 ag leath am, ach níor imigh rudaí a dtreo sa dara leath agus tionchar ag fear na feadóige ar an dtoradh deiridh.  Bhí díomá mór ar gach éinne ag fágaint na páirce, ach tá fios maith ag gach éinne anois cad is féidir leis an bhfoireann seo a bhaint amach nuair a bhíonn siad ag imirt i mbarr a maitheasa.  An scór deiridh – Béal Átha Gabhann 0-13  An Rinn 0-11.

 

Blitz iomána fé 12 in Eochaill 27/10/2102

Fuair An Ghaeltacht cuireadh imirt sa blitz seo ar an Satharn 27/10/2012. D’imir imreoirí rugtha i 2000, 2001 & 2002 agus thug sé deis dúinn súil a chaitheamh orthu siúd a bheidh ag imirt iomáint fé 13 an bhliain seo chugainn.  Bhí an blitz ana-iomaíoch agus cé go raibh triúir cumasach ar an aois in easnamh, d’imríomar go maith agus ní raibh ach buille liathróide idir sinn agus na fóirne eile – Cois Bhríde, Cill Ia agus Eochaill (bua, comhscór agus cluiche caillte ar an lá).  Chuir sé deireadh le bliain thar a bheith go maith do na buachaillí sa ghrád fé 12.

 

Cúrsaí Cóitseála

Beidh na cúrsaí seo a leanas ag teacht aníos:

Cóitseáil Páistí Gradam 1 (Award 1 Child Coaching): Dátaí le cinntiú.  Eanair 2013 b’fhéidir.

Cóitseáil bunleibhéal (Foundation): Ní bheidh deis eile ar feadh tamaill anois.  Thosnaigh cúrsa ar an Déardaoin 18/10/2012 ag Bushy Park 7-10pm (3 oíche ar fad i gceist).  Tá an cúrsa seo éigeantach do éinne a bheidh uathu obair mar oiliúineoir/tacaitheoir fóirne sa chlub nó ar an Cúl Campa.  Dhein beirt ón club an cúrsa ag Bushy Park.  Beidh ar dhaoine go bhfuil suim acu i gcúrsa fuireach tamall eile.

 

Cluiche taispeáintais iomána fé 12 ag leath am i bPáirc Uí Fhearchair

D’imir na buachaillí in aghaidh rogha ó Phort Lách ag leath am sa chluiche ceannais iomána idirmheánach i bPáirc Uí Fhearchair ar an Domhnach 21/10/2012 agus bhí ana-am ar fad acu.  D’imríodar thar barr agus bhíodar an píosa beag sin chun cinn ar an bhfreasúra ar an lá.

 

Gala Blitz peile fé 11 i bPáirc Uí Fhearchair

D’éirigh go maith leis na buachaillí anseo agus d’imríodar An Uidhir agus Baile na Cúirte, le bua ar bhuachaillí Dhún na Mainistreach agus chailleadar le cúilín i gcoinne An Uidhir.

 

Munster Football Blitz fé 10 sa Rinn

Chuir An Ghaeltacht fáilte roimh Eochaill agus Naomh Oilibhéir go dtí Páirc Uí Shíothcháin ar an Satharn 13/10/2012 chun páirt a ghlacadh sa blitz peile seo a d’eagraigh CLG na Mumhan.  D’imir gach foireann 2 chluiche agus bhí bia agus tae curtha ar fáil do gach éinne a bhí i láthair.  Bhí am iontach ag na buachaillí agus d’éirigh thar barr leis An Ghaeltacht ar an lá le dhá bhua.  Buíochas le Michelle Power ó Coaching & Games as ucht a cabhair.

 

Grúpa Forbartha Peile fé 13 (U13 Football Development Squad)

Thosnaigh an scéim nua seo ar an Luan 15/10/2012 do imreoirí rugtha sa bhliain 1999.  Bíonn cóitseáil ar bun le imreoir peile idirchontae gach Luan ar feadh cupla seachtain.  Is deis iontach é seo do imreoirí óga – ná caill amach air!!

Sonraí thíos:

Date                                    Venue                              Time                                                       Coach
15/10/2012                       Fraher Field                 6.30pm to 7.30pm                       Liam O Lonáin
22/10/2012                       Fraher Field                6.30pm to 7.30m                          Conor Phelan
29/010/2012                    Fraher Field                 4.30pm to 5.30pm                       Ken Hassett
1/11/2012                          Fraher Field                  4.30pm to 5.30pm                       Shane Briggs
5/11/2012                          Fraher Field                  6.30pm to 7.30pm                Clinton Hennessy
12/11/2012                        Fraher Field                  6.30pm to 7.30pm                       Gary Hurney

 

 

Peil fé 12 Roinn 1 – Aird Mhór 5-8 An Ghaeltacht 6-10

Dé hAoine 5/10/2012

Ní insíonn an scór deiridh scéal an chuiche seo i gceart, mar d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite ag aon ceann den dá foireann.  Bhí slua maith ann chun an cluiche seo a fheiscint ar an bpáirc beag ag Páirc Dheugláin san Ard Mhór.  Bhí an oíche fliuch agus dorcha, ach níor chuir sé sin isteach ar na imreoirí nó an slua mar go raibh peil thar a bheith taitneamhach ar taispeáint agus i bhfírinne, beidh bliain deas ag an 2 fhoireann seo an bhliain seo chugainn sa ghrád fé 13.  Chríochnaigh an cluiche suas á imirt faoi shoilse agus cuirfidh an gala blitz ag 12pm i bPáirc Uí Fhearchair ar an Satharn beag seo 13/10/2012 deireadh le cúrsaí peile fé 12 go fóill.  Deirtear linn go mbeidh comórtas beag peile fé 12 faoi shoilse fós le teacht i Mí na Samhna agus beimid ag súil go mór leis sin.  Tá sé soléir go mbaineann an grúpa seo taitneamh as a gcuid peil agus le uimhreacha maithe ar fáil don painéal don bhliain seo chugainn agus le gach cluiche buaite seachas an ceann in aghaidh Dún na Mainistreach, beidh deiseanna maith amach roimh an dream buachaillí seo i 2013.

 

Corn Uí Arta 2012-2013

Tá Coláistí na nDéise ag cosaint a dteideal faoi láthair agus tá ag éirí go maith leo le 2 bhua i gcoinne Bráithre Críostaí An Dúin (Luimneach) thuas sa Gabhláin agus ansin ar Naomh Caimín ón tSionainn.  Tá Criostóir Breathnach ón club seo páirteach arís i mbliana ar an bpainéal seo agus guímid gach rath air sa chomórtas.  Chailleadar cluiche i gcoinne Naomh Fhlannáin le cúilín amháin ar an gCéadaoin 17/10/2012, ach táimid ag súil leis go n-éireoidh le Criostóir agus a chomh-imreoirí sa chéad cluiche eile.  Is cinnte go bhfuil foireann maith ag Coláistí na nDéise arís i mbliana agus tá cur síos ar a gcluiche i gcoinne CBS An Dúin anseo:

http://www.irishexaminer.com/sport/gaa/donnelly-gets-holders-off-to-winning-start-209004.html

Tá DLS Port Láirge agus Pobalscoil Abha Móire ag iomaíocht go láidir sa chomórtas seo faoi láthair chomh maith agus is maith an comhartha é ar iomáint faoi aois sa chontae san am i láthair.

 

Peil fé 12 Roinn 1 – An Ghaeltacht 3-14   Dún Garbhán 2-10

Dé hAoine 21/9/2012

Bhí bua maith ag na buachaillí i bPáirc Cholmáin ar na cuairteoirí agus ba mhaith mar cluiche é.  Bhí Dún Garbhán thar a bheith iomaíoch, mar a bheifeá ag súil agus bhí cluiche breá spórtiúil ag an dá fhoireann.  Má bhí ábhar foghlama ann do bhuachaillí na Gaeltachta, ba iad an iliomad sábháil a dhein cúl báire Dhún Garbhán, a bhí ar fheabhas dóibh.  Bhí an cúilín ann go minic le fáil agus buachaillí na Gaeltachta ró-cheannúil ar na cúil nuair nach ann dóibh b’fhéidir.  D’imir na buachaillí 15-an-taobh anocht agus ba mhaith an cur i gcóir a bhí ann don bpeil fé 13 don bhliain 2013.  Fuair gach imreoir ar a laghad leath amháin iomlán ar an bpáirc.  Tá buanna bainte amach ar Clais Mór, Eochaill agus Dún Garbhán, le cluiche amháin caillte i gcoinne Dún na Mainistreach.  Tá cluiche amháin fágtha le n-imirt ar an Aoine 5/10/2012 as baile go dtí Aird Mhór (tá seans go mbeidh ar seo tosnú níos luaithe ná 6:30pm de bharr solas an lae a bheith ag teipeadh) agus ansin beidh an Gala Blitz ar an Satharn 13/10/2012.  Is léir go bhfuil siad ag baint taitneamh mór as an sraith seo, mar is ceart.

 

Iomáint fé 16 Roinn 3 co. – An Ghaeltacht 1-4  Baile an Bhuitléirigh 1-4

Dé Domhnaigh 16/9/2012 11:30am

Bhí an cluiche seo ar siúl i bPáirc Uí Shíothcháin agus cé ná raibh ach 14 imreoir againn, bhí cluiche ana-iomaíoch ag na buachaillí in aghaidh a bhfreasúra, mar a bhí acu i gcoinne Naomh Oilibhéir cupla lá roimhré.  Ba cluiche fisiciúil é ach sheas na buachaillí an fód go tréan.  Cé go raibh deiseanna ann an cluiche seo a sciobadh, bhí gach éinne sásta go raibh 2 thaispeántas maith as diaidh a chéile agus le díreach beirt ar an aois i mbliana, gur cheart go mbeadh An Ghaeltacht iomaíoch go maith i 2013 ag na gráid fé 16 agus mioniúir.

 

Iomáint fé 9 – Roanmore Charity Hurling Blitz 2012

Bhí na buachaillí páirteach san ócáid iontach seo arís i mbliana.  Tá pictiúr deas de na buachaillí curtha in áirde ag Liam Cheasty.

Charity Blitz 2012_250 An Ghaeltacht, Phort Lairge.

 

Peil fé 11 Blitz 31/8/2012

Ghlacamar páirt i mblitz peile fé 11 ag CLG Dhún Garbháin ar an Aoine 31/8/2012.  Bhí roinnt imreoirí ar saoire, ach d’éirigh go maith linn ann le bua amháin agus chailleamar go dtí Naomh Oilibhéir le cúl.

 

Comórtas Tony Forristal/Sonny Walsh 2012

Bhí an comórtas seo ar siúl ó 1ú-2ú Meán Fhomhair 2012 i gcathair Phort Láirge.  Bhí Conor O Cuirrín ón club seo páirteach mar imreoir agus bhí a athair Stephen páirteach mar roghnóir chomh maith.  D’éirigh go geal leo agus shroiseadar an cluiche ceannais, áit a bhí an bua ag Cill Chainnigh orthu ar deireadh.  Ard-obair déanta ag gach éinne agus bhí áthas ar an club áiseanna traenála a chur ar fáil don painéal i mbliana.

 

 

 

 

Iomáint fé 13 Roinn 2 – Cluiche leathcheannais an Iarthair

Bhí an cluiche seo ar siúl i bPáirc Cholmáin ar an Mháirt 28/8/2012 ag 18:30.  Bhí Caisleán Cuanach ró-láidir do bhuachaillí na Gaeltachta ar an oíche agus raghaidh siad ar aghaidh go dtí cluiche ceannais an iarthair.  Cuireann sé sin deireadh le imeachtaí fé 13 sa chlub don bhliain 2012 agus ba iontach mar a d’éirigh leis na buachaillí i Roinn 2 – ag sroisint an cluiche ceannais i bpeil agus an cluiche leathcheannais san iomáint i mbliana.  Beidh cluichí iomána fé 14 agus fé 16 ar siúl go fóill, chomh maith le peil fé 12, peil fé 11 agus iomáint fé 10.  Beimid gnóthach fós!

 

Dropbox

Seo seirbhís atá an club ag úsáid faoi láthair chun griangrafanna agus físeanna de ocáidí an chlub a roinnt idir tuismitheoirí ar shlí atá sábhálta do pháistí.

Is féidir leat cur isteach ar an seirbhís seo tríd ríomhphost a sheoladh go dtí an runaí ag:

runaibng.anghaeltacht.portlairge@gaa.ie

 

Blitz iomána fé 12 i bPáirc an Chrócaigh

Bhí lá iontach againn thuas i bPáirc an Chrócaigh nuair a bhí iománaithe fé 12 páirteach i mblitz eagraithe ag CLG na Mumhan.  D’imir na bhauchaillí i gcoinne fóirne ó Chiarraí, Corcaigh agus Luimneach agus bhí ard-lá ag gach duine a thaisteal, le aimsear álainn samhraidh ar an lá.  Is féidir griagrafanna a fháil ón ócáid iontach seo tríd cúntas dropbox an chlub (féach thuas).